An Fheirm: “Táim ag feirmeoireacht i nGaeltacht Mhúscraí. Tá 33 heicteár agam san iomlán ach tá seacht heicteár d’ainmnithe mar thalamh do Chromán na gCearc. Usáidtear an chuid eile le haghaidh féaraigh agus sadhlais. Córas gamhain déiríochta go mairteola atá againn.”

Clann: “Táim pósta le Máire, agus tá triúr mac againn, Ciarán, Aodhán agus Diarmuid. Tá suim ag gach éinne sa bhfeirm agus cabhraíonn siad le hobair na feirme. Oibrím lasmuigh den fheirm go lánaimseartha mar mhúinteoir agus oireann an córas seo dúinn.”

An seachtain seo: “Táimid ag ceannach gamhain óga trí seachtain d’aois. Ceannaímid go díreach ó bheirt fheirmeoir agus tá 50 ceannaithe againn go dtí seo. Is bodóga iad go léir. Gheobhóidh mé 10 eile an tseachtain seo - is leor sin don bhliain seo. Beidh siad ar bhainne go ceann roinnt seachtainí eile.”

An bháisteach: “Thart ar 720 troigh os cionn na farraige agus faighimid breis is 1,300mm in aghaidh na bliana ar an meán. Tá níos mó ná 380mm faighte go dtí seo i 2024. Tá sé ró-fhliuch béithígh a chur amach ag innilt agus caithfidh mé sciodar a scaipeadh freisin. Tá an rud céanna á rá ag gach éinne sa grúpa phlé Macroom Beef Finishers a bhfuilim páirteach de.”

Na gamhain óga: “Is fearr liom gamhain Angus agus Hereford mar is féidir iad a chríochnú roimh an tarna geimhreadh. Is ball mé de Irish Hereford Prime agus tá an éileamh do mairteoil Hereford ag fás. Is deas na cinn bána a fheiscint sna páirceanna sa samhradh. Oireann siad don talamh againne freisin mar táid níos éadroime. Tá cuid den fheirm trom go leor agus cruthaíonn sé seo dúshláin don innilt ar ghuaillí na bliana agus nuair a bhíonn sé an-fhliuch.”

Teagasc Future Beef Signpost Programme: “Táim ar an gclár Future Beef ó 2021. Is iontach an tacaíocht a fhaighimid ón ár gcomhairleoirí. Bíonn rudaí le foghlaim i gcónaí. Le saineolas Teagasc táim ag iarraidh feirmeoireacht níos brábúsaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh.”